Quantcast
Channel: Donegal Daily
Viewing all articles
Browse latest Browse all 80812

COMÓRTAS CLÁR RAIDIÓ GAEL LINN 2014

$
0
0

10309045_628552670572776_5915668397278681175_nComhghairdeas leis na scoileanna a leanas a bhuaigh duaiseanna i gComórtas Clár Raidió Gael Linn 2014!

Bhí líon ard iontrálacha arís i mbliana, agus cláir raidió den scoth ina measc!

Is í Áine Hensey, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a rinne an measúnú ar na hiarrachtaí uilig agus bhí sí an-mholtach faoi shaothar na gcraoltóirí óga.

DUAISEANNA NÁISIÚNTA: Is iad na trí chlár a roghnaíodh le dul sa choimhlint do na duaiseanna náisiúnta i.e. €650, €450 agus €350, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) ná:

• ‘Tóir ar Taibhsí’, Coláiste Cholmcille, Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall

• ‘Inis Caorach’, Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

• ‘Beezie, bean an locha’, Coláiste na nUrsalach, Sligeach

Fógrófar na buaiteoirí ( An chéad áit, an dara háit, an tríú háit ) i Stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga ar an Déardaoin, 8 Bealtaine le linn an chláir ‘Rónán Beo @ 3’ . Is é Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha na gClár, RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhógróidh an toradh.

DUAISEANNA ROINN A (do scoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)

(Urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann)

1ú Áit (€300): ‘An Ghaeilge Chomhaimseartha’, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, BÁC

2ú hÁit (€250): ‘Slainte intinne i measc na hóige’, Meanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

3ú hÁit (€200): ‘Cúrsaí ceoil i gCorca Dhuibhne’, PS Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

DUAISEANNA ROINN B (do scoileanna nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)

(Urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann)

1ú Áit (€300) : ‘Seo linn san idirbhliain’, Scoil Theach an Mhainéara, Rath Éanaigh, BÁC

2ú hÁit (€250): ‘An teach oibre inné is inniu’, Col. N. Mhaodhóg, An Babhún Buí, Co. an Chabhán

3ú hÁit (€200): ‘Dráma Raidió’, Scoil Eorpach an Bhruiséil, An Bheilg

Maith sibh uilig!

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 80812

Trending Articles