Naomh Muire GAA Notes
Beidh Comórtas Peil na Gaeltachta ar siúl ar na Méilte i Mullach Dearg ón 3ú – 5ú Bealtaine.
Ta seo a rith againn i gcuideachta le Healthwise Pharmacies agus tá muid iontach buíoch don tacaíocht atá fáighte againn uatha.
Ta clár dheireadh na seachtaine le fáil ar suíomh idirlíon an chlub (www.naomhmuire.ie) agus ar facebook (www.facebook.com/PeilnaG2014) fosta.
Is cinnte go mbeidh cúpla lá agus oíche mhaith ann le tréann cluichí idir fhir, mná agus an t-aos óg. ádh mór ar na himreoirí agus lucht bainistíochta uilig.
Beidh ceol agus craic sa Marquee agus tréan le ithe agus ól ar fáil i rith na deireadh seachtaine. Bígí linn.
Comórtas Peil na Gaeltachta will take place in the Banks this weekend (3rd-5th May). A lot of top class matches in store as well as plenty of craic. Hope to see you there.
Bhí foirne an bhfear sa bhaile an tseachtain seo in éadan ár gcomharsanaí, Cloich Cheann Fhaola.
Sa chéad chluiche d’imir na gasúraí go maith arís ach chaill siad le ceithre phionnte in éadan foireann a bhain craobh tacaíochta na condae anuraidh.
D’éirigh go maith leis an fhoireann sinsearach sa dara chluiche áit a raibh phoinnte déag acu le sparáil ar na cuairteoirí sa deireadh. Dhá phoinnte tábhachtach i sraith a bheas iontach téanta i mbliana.
Bhí seachtain gnoitheach ag leads faoi 15 Naomh Muire an tseactain seo i gcomórtas peil na Gaeltachta.
D’imir siad dhá chluiche in éadan ár gcomharsanaí ar an dá thaobh dúinn agus bhain siad an dá cheann.
Tá ceann amháin eile acu le imirt anois agus muid ag siúl go mbeidh siad fríd go dtí an deireadh seachtaine mór ar na Méilte.
Bhí cailíní faoi 17 thíos i Maigh Chuilinn ag deireadh na seachtaine agus d’éirigh go maith leo.
Bhain siad trí chluiche i ndiaidh a chéile agus fuair siad fhad le cluiche leath cheannais an chomórtais. Maith sibh a ghirseachaí.
Is iad 5-6-13-16. na huimhreacha lotto don tseactain seo. Níor bhain duine ar bith an pota óir. Bhí trí uimhir ag na daoine seo leanas:Deirdre Broomfield,Mullach Dubh.
Jimmy Greaves, An Clochan Liáth, Eithne Gallagher, The Hall, Anagaire.
Beidh €740 sa phota an tseachtain seo chugainn.
Duine ar bith ar mhaith leo ghabhail isteach i gclub an chéid, thig libh teagmháil a dhéanamh le baill ar bith den chlub nó ríomhphost a chuir ag naomhmuire@gmail.com