Donegal’s Seachtain na Gaeilge will be launched in Gaoth Dobhair next Monday – with a huge programme of events.
And is now the norm, the celebration of our native language will last well over a week.
The full programme delivered in conjunction with the county council library service will be launched at the library in Gaoth Dobhair.
Cuirfear tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge i gContae Dhún na nGall nuair a sheolfar imeachtaí na féile bliantúla i Leabharlann Ghaoth Dobhair, Dé Luain 4ú Márta ar 11.00am. Beidh an fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ar 4 – 17 Márta 2013 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge beartaithe do Chontae Dhún na nGall le linn na féile, idir Sheirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Coistí Pobail agus Gaeltachta. Is é an Clr. Pádraig Ó Dochartaigh, Cathaoirleach ar Choiste Toghcheantair na nGleanntach agus Ball de Choiste Gaeilge na Comhairle Contae, a sheolfaidh imeachtaí na féile go hoifigiúil.
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an cheiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais. Tugann an fhéile deis d’achan duine sult a bhaint as an Ghaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.
Dúirt an Clr. Pádraig Ó Dochartaigh roimh an tseoladh go raibh lúcháir air go bhfuil “chóir a bheith 80 imeacht á reáchtáil ar fud Chontae Dhún na nGall idir an ceathrú agus an seachtú lá déag de mhí Mhárta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, agus tá mise an-sásta go bhfuil an Chomhairle Contae agus Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle ag glacadh páirte sa tseachtain arís i mbliana. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ag na seirbhísí leabharlainne do pháistí agus do dhaoine óga, beidh scéalaíocht, tráth na gceisteanna, drámaíocht, amhránaíocht, aithriseoireacht, filíocht, ceardaíocht láimhe, eolas ar stair chlainne, taispeántais seanphictiúr, agus ceol agus damhsa, agus taispeántais leabhair Ghaeilge. Do dhaoine fásta beidh roinnt ciorcal comhrá ar siúl, chomh maith le caint ar logainmneacha agus maidineacha caife agus taispeántais éagsúla”. Ghabh sé buíochas le baill foirne na Seirbhísí Leabharlainne agus leis na Coistí Pobail agus Gaeltachta atá ag déanamh sár-obair leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa chontae i rith na Féile, agus ina dhiaidh.
Is bliain an-tábhachtach í do Sheachtain na Gaeilge in 2013 toisc go mbeidh an fhéile mar chuid den tionscadal turasóireachta Tóstal Éireann, a bheidh ag mealladh na céadta míle turasóir go hÉirinn i rith na bliana; agus mar chuid de Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 bliain d’athbheochan agus de ghluaiseacht na Gaeilge ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 72496, nó dul go www.ccdhunnangall.

FULL PROGRAMME BELOW:
Dé Luain 4 Márta
Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge
Am: 11.00am (30 bomaite). Saor / free
Seó Ceoil agus Aithriseoireachta
Déanfaidh páistí ón cheantair seó beo ceoil agus aithriseoireachta a chur i láthair le hamhráin agus dánta ó na leabharthaí Ící Pící agus Báidín Fheidhlimidh agus cúpla sampla ón leabhar úr ‘Ní thuigimse daoine fásta’ a bhéas ag teacht amach gan mhoill.
Am: 11.30am
Ceoltóirí Traidisiúnta An Crannóg
Táille: saor
Áit: Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair
(074 9560862)
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag (0749532949) ionadnp@eircom.net
Dé Máirt 5 Márta
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 10.30am
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 1.30pm
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library (074 9373701)
Biongó as Gaeilge
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 11.00am
Scoileanna Náisiúnta / Local Primary schools Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Dobhráin Bundoran Community Library (071 9829665)
Tráth na gCeist
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 4.00pm
Daltaí Rang 5 & 6 / 5th & 6th class pupils Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
An Mála Mór le Paidraigín Uí Bhroin
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 11.00am
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library (074 9373701)
Maidin Chaife
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March @ 11.00am go dtí 2.00pm
Chun sochar Cumann Cathaoir Roth na hÉireann, Brainse Dhobhair
Áit / Venue: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag
(0749532949) ionadnp@eircom.net
Seó Mór na bPáistí
Dé Máirt 5 Márta / Tuesday 5th March
@ 9.30pm – 11.30pm
Áit: Coláiste Ros Goill, Na Dúnaibh Teagmháil / Contact: Céim Aniar Teoranta, (074 9154830), ceimaniar@eircom.net
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag
(0749532949), ionadnp@eircom.net
1
Dé Céadaoin 6 Márta
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 10.30am
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Leifear
Lifford Community Library (0749172726)
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 1.30pm
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun an Phobail Moville Library( 074 9385110 )
Anna McQuinn (Údar / Author)
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 7.00pm
Aois: Daoine Fásta
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Comhrá Gaeilge / Irish Conversation
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 7.00pm
Fáilte roimh gach leibhéal / All levels welcome. Fun and Informal
Tae agus Caife / Tea and coffee
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
An Mála Mór le Paidraigín Uí Bhroin
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 11.00am
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Bhun an Phobail
Moville Library (074 9385110)
An Mála Mór le Paidraigín Uí Bhroin
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March
@ 1.00pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
Am Ríme / Rhyme Time
(dátheangach / bilingual)
Dé Céadaoin 6 Márta / Wednesday 6th March @ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: saor / free
Áit / Venue: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag (0749532949) ionadnp@eircom.net
Déardaoin 7 Márta
Tráth na gCeist
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 4.00pm
Daltaí Rang 5 & 6 / 5th & 6th class pupils Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library 074 9373701
Am Ríme / Rhyme Time (dátheangach / bilingual)
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bhliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha /Buncrana Community Library 074 9361941
2
Scéalaiocht le Anna McQuinn le Gaelscoil Adhamhnáin
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 10.00am
Aois: Daoine Fásta
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Léigh LC 2013 a Sheoladh / Launch of Read LK 2013 with Charlie Bird
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 7.00pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Ciorcal Comhrá
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 6.30pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library
(074 9373701)
Siúlóid Stairiúil
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March
@ 5.00pm
Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475), bridannanibhaoill@yahoo.ie
Cluichí agus Spóirt
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March
@ 6.30pm
Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, ( 086 452 8475 ), bridannanibhaoill@yahoo.ie
Féile Coirm Gael Linn 2013
Déardaoin 7 Márta / Thursday 7th March @ 10.30am – 3.30pm
Seó bunscoile i nGaeilge
Irish Language Show by National Schools Áit: An Grianán, Leitir Ceanainn Teagmháil / Contact: Gael Linn,
( 048 3752 2162 ), poilin@gael-linn.net
3
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag (0749532949), ionadnp@eircom.net
Dé hAoine 8 Márta
Quiz Bleachtaireachta na Leabharlainne
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March
@ 1.00pm
Aois / Age: Daltaí 5 & 6 bliana / 5th & 6th class pupils
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library,( 074 9361941 )
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 10.30am
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhealach Féich Ballybofey Library, ( 074 9175384 )
Am Ríme / Rhyme Time (dátheangach / bilingual)
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Dobhráin Bundoran Community Library,
( 071 9829665 )
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 1.30pm
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhaile na nGallóglach / Milford Community Library ( 074 9153927 )

Am Ríme / Rhyme Time (dátheangach / bilingual)
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library
( 074 9373701)
Ceol agus Damhsa le Naíscoil Little Acorns
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 12.00
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library,
( 074 9373701)
Éigse Uladh
Dé hAoine 8 – Dé Domhnaigh 10 Márta Friday 8th – Sunday 10th March
Oscailt Oifigiúil, Ceolchoirm, Fóram Óige, Bronnadh Fáinní
Áit: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Teagmháil / Contact: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair,
( 074 9532208 ), cfgd@eircom.net
Oscailt Oifigiúil Fhéile Rann na Feirste
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March
@ 8.00pm
Oscailt Oifigiúil na Féile, Bronnadh Phearsa Rann na Feirste, & Ceolchoirm na Féile.
Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475 ) bridannanibhaoill@yahoo.ie
Tráth na gCeist
Dé hAoine 8 Márta / Friday 8th March @ 9.30pm – 11.30pm
Táille / Admission: Triúr ar fhoireann, €10 an fhoireann
Áit: An Síbín Ceoil, Na Dúnaibh
Teagmháil / Contact: Céim Aniar Teoranta, ( 074 9154830 ), ceimaniar@eircom.net
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig,
Dobhar Uachtarach, An Bun Beag
( 0749532949 ), ionadnp@eircom.net
Dé Sathairn 9 Márta
Lá Gaelach Spóirt agus Spraoi
Dé Sathairn 9 Márta / Saturday 9th March @ 12.00pm – 4.00pm
Peil, Preabchaisleán, Scrabble i nGaeilge, Péinteáil Aghaidhe, Srutharlú Gruaige, Púl, Leadóg Thábla, BBQ.
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag (0749532949). ionadnp@eircom.net
Taifead Proifisiúnta i Stiúideó
Cuisle Ceoil
Dé Sathairn 9 Márta / Saturday 9th March @ 12.00pm – 4.00pm
Déan taifead ar Shingil Dlúthdhiosca (Guth amháin) i stiúideó proifisiúnta
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag
(0749532949). ionadnp@eircom.net
Comórtas Abair Amach 2013
Dé Sathairn 9 Márta / Saturday 9th March @ 11.00am
Comórtas Filíochta Ardáin do dhaoine óga Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475), bridannanibhaoill@yahoo.ie
4
Ceardlann Amhránaíochta Éamoinn Ghráinne
Dé Sathairn 9 Márta / Saturday 9th March @ 11.30am – 1.30pm
Ceardlann amhránaíochta trí Ghaeilge do dhaoine óga (7-12 mbliana) le Patricia Nic Ruairí Áit: An tSean-Bheairic, An Fal Carrach Teagmháil / Contact: An tSean-Bheairic,
An Fál Carrach, (074 9180655), falcarraghvisitorcentre@gmail.com
Comórtas Scéalaíochta agus Dánta
Dé Sathairn 9 Márta / Saturday 9th March @ 8.00pm
Comórtas Scéalaíochta agus Dánta do dhaoine óga agus do Dhaoine Fásta
Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475), bridannanibhaoill@yahoo.ie
Comórtas Ealaíne Bunscoileanna ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’
4 – 9 Márta / 4th – 9th March
Táille / Admission: Free / Saor
Áit: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Uachtarach, An Bun Beag (0749532949) ionadnp@eircom.net
Éigse Uladh
Dé hAoine 8 – Dé Domhnaigh 10 Márta Friday 8th – Sunday 10th March
Oscailt Oifigiúil, Ceolchoirm, Fóram Óige, Bronnadh Fáinní
Áit: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Teagmháil / Contact: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair,
(074 9532208), cfgd@eircom.net
Dé Domhnaigh 10 Márta
Aifreann na Féile i Rann na Feirste
Dé Domhnaigh 10 Márta
Sunday 10th March @ 11.00am
Áit: Séipéal Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475), bridannanibhaoill@yahoo.ie
5
Clabhsúr Fhéile Rann na Feirste
Dé Domhnaigh 10 Márta
Sunday 10th March @ 11.45am
Focal buíochais, dán ó bhuaiteoir Abair Amach, cupán tae
Áit: Áislann Rann na Feirste
Teagmháil / Contact: Áislann Rann na Feirste, (086 452 8475), bridannanibhaoill@yahoo.ie
Éigse Uladh
Dé hAoine 8 – Dé Domhnaigh 10 Márta Friday 8th – Sunday 10th March
Oscailt Oifigiúil, Ceolchoirm, Fóram Óige, Bronnadh Fáinní
Áit: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Teagmháil / Contact: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair,
(074 9532208), cfgd@eircom.net
Dé Luain 11 Márta
Taispeántas “Adhmad na Beatha”: Wood of Life Exhibition
Dé Luain 11 Márta / Monday 11th March Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library
(074 9373701)
Dé Máirt 12 Márta
Ceol agus Damhsa le Naíonra
Bhun Cranncha
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March
@ 10.30
Aois / Age: 2-4 bhliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)

Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March @ 11.00am
30 duine (12 bliaina d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Ait: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Taispeántas “Adhmad na Beatha”: Wood of Life Exhibition
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library (074 9373701)
Biongó as Gaeilge
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March
@ 11.00am
Scoileanna Náisiúnta / Local Primary schools Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Dobhráin Bundoran Community Library ( 071 9829665 )
An Mála Mór le Paidraigín Uí Bhroin
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March @ 1.00pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhealach Féich Ballybofey Library ( 074 9175384 )
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March @ 1.00pm
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Ráth Bhoth Raphoe Library ( 074 9144115 )
Taispeántas Seanphictiúr agus Maidín Comhrá
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March @ 11.00am – 1.00pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ( 074 9560862 )
Lá Gaeilge Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
Dé Máirt 12 Márta / Tuesday 12th March
Lá Gaeilge do mhic léinn agus do bhaill foirne agus don phobal / Irish language day for students, staff and public.
Áit: Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), gaeilge@lyit.ie
Dé Céadaoin 13 Márta
An Mála Mór le Paidraigín Uí Bhroin
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 11.00am
Táille / Admission: saor / free
Áit / Venue: Leabharlann Bhaile na nGallóglach Milford Community Library (074 9153927)
Caint ar Logainmneacha:
Talk on Placenames
Dé Céadaoin 13 Márta /
Wednesday 13th March @ 11.30
Tae agus Caifé / Tea and Coffee 11.00am Aois: Daoine Fásta
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Leifear
Lifford Community Library (0749172726)
Comhrá Gaeilge / Irish Conversation
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 7.00pm
Fáilte roimh gach leibhéal / All levels welcome. Fun and Informal
Tae agus Caife / Tea and coffee
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
Ceardaíochta do Pháistí
Crafts for Children
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 6.00pm
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library( 074 9361941 )
6
Taispeántas “Adhmad na Beatha”: Wood of Life Exhibition
Dé Céadaoin 13 Márta
Wednesday 13th March
Táille / Admission: Saor / Free Áit: Leabharlann Bhun an Phobail Moville Library ( 074 9385110 )
Ceol agus Damhsa le Naiscoil Dhomhnach Óg
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 11.30am
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library
( 074 9373701 )
Ceolchoirm le Cór Thaobh a’ Leithid le Doimnic Mac Giolla Bríde
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 6.15pm
Aois: Daoine Fásta
Leathuair Scealaíocht le
Suzanne Ní Gallachóir
Dé Céadaoin 13 Márta /Wednesday 13th March @ 7.00pm
Aois: 7 mbliana d’aois
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ( 074 9560862 )
Leathuair Scealaíocht le Suzanne Ní Ghallachóir Dé Céadaoin 13 Márta Wednesday 13th March @ 2.20pm
Aois: 7 mbliana d’aois
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Phobail Na Rosann (074 9522500)
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé Céadaoin 13 Márta
Wednesday 13th March @ 1.30pm 30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Dobhráin Bundoran Community Library
(071 9829665)
Déardaoin 14 Márta
Comhrá Gaeilge / Irish Conversation
Déardaoin 14 Márta / Thursday 14th March @ 7.00pm
Fáilte roimh gach leibhéal / All levels welcome. Fun and Informal
Tae agus Caife / Tea and coffee Táille / Admission: Saor / Free Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library (074 9373701)
Taispeántas “Adhmad na Beatha”: Wood of Life Exhibition
Déardaoin 14 Márta / Thursday 14th March Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library
(074 9361941)
Am Ríme /Rhyme Time (dátheangach / bilingual)
Déardaoin 14 Márta / Thursday 14th March @ 11.00am
Am: 11.00am (60 bomaite / 60 minutes) Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha /Buncrana Community Library (074 9361941)
7
Dé hAoine 15 Márta
Am Ríme / Rhyme Time (dátheangach / bilingual)
Dé hAoine 15 Márta/ Friday 15th March @ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhun Dobhráin Bundoran Community Library
(071 9829665)
Tráth na gCeist
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March @ 11.00am
Daltaí Rang 5 & 6 / 5th & 6th class pupils Táille / Admission: Saor / Free
Ait: Lárleabharlann, Leitir Ceanainn Central Library, Letterkenny (074 9124950)
Taispeántas “Adhmad na Beatha”: Wood of Life Exhibition
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Pobail Bhun Cranncha Buncrana Community Library (074 9361941)
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March @ 11.00am
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair (074 9560862)
Ceardaíocht Sheachtain na Gaeilge le Bunscoil Donagh
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March @ 11.15am
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Charn Domhnach Carndonagh Community Library (074 9373701)
Ceardlann ‘Mo Chlann Féin’
le Seoirse Ó Dochartaigh
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March @ 1.00pm
30 duine (12 bhliain d’aois)
Táille / Admission: Saor / Free
Áit: Leabharlann Phobail Na Rosann (074 9522500)
Am Ríme / Rhyme Time
(dátheangach / bilingual)
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March
@ 11.00am
Aois / Age: 2-4 bliain / years
Táille / Admission: Saor / Free
Áit / Venue: Leabharlann Bhaile na nGallóglach Milford Community Library (074 9153927)
Maidin Chaife
Dé hAoine 15 Márta / Friday 15th March
@ 10.00am – 1.00pm
Áit: Ionad Acmhainne Mhíobhaigh, na Dúnaibh Teagmháil / Contact: Céim Aniar Teoranta, (074 9154830), ceimaniar@eircom.net
Imeachtaí Eile 4 – 17 Márta
Other activities
Leabharthaí Gaeilge ar taispeáint in achan leabharlann ar fud Dhún na nGall.
Irish language books on display in all libraries throughout Donegal