Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanstan de bheith ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith cúramach i rith na tréimhse d’aimsir thirim seo faoi láthair agus gach rud riachtanach a dhéanamh le tinte aitinn, tinte portaigh, tinte foraoise agus eile a sheachaint.
Tá 62 glaoch amach freagartha ag Seirbhís Dóiteáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ón Déardaoin 28 Márta 2013 agus tá go leor ceantracha i mbaol tinte fiáine go fóill mar gheall ar an tréimhse leanúnach d’aimsir thirim. Tá muid ag iarraidh ar gach úinéir talún agus ar bhaill den phobal a bheith ar an airdeall agus fios a chur ar na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála gan mhoill má tchíonn siad aon tine as smacht nó aon tine gan mhaoirseacht.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas a thabhairt d’obair na Seirbhíse Dóiteáin a d’fhreagair cuid mhór glaonna amach le seachtain anuas i gcodanna éagsúla den chontae agus a bhí ag obair i gcoinníollacha iontach dúshlánach go minic. Ba mhaith linn fosta ár mbuíochas a ghabháil leis na pobail éagsúla atá ag fulaingt ó na tinte seo, as an tacaíocht atá tugtha acu don tSeirbhís Dóiteáin.
De réir na haimsire a bhfuiltear ag dréim léi i rith dheireadh na seachtaine i nDún na nGall beidh baol ann go fóill go bhféadfadh tinte aitinn, cnoic agus foraoise a thoiseacht. De bharr an aimsir a bheith chomh tirim sin faoi láthair, tá aiteann, fraoch agus casarnach eile iontach tirim ar fad. D’fhéadfadh tinte spré amach go han-sciobtha agus imeacht ó smacht, rud a chuirfeadh tithe, sealúchais agus b’fhéidir beatha daoine i mbaol. Cuireann na tinte seo isteach fosta ar an fhiadhúlra atá ag pórú agus ag neadú agus, in go leor cásanna d’fhéadfaí go scriosfaí na hainmhithe uilig go háitiúil.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith a chur i gcuimhne d’úinéirí talún agus do bhaill den phobal gur coir é aon fhásra atá ag fás ar thalamh nach bhfuil saothraithe idir 1 Márta agus 31 Lúnasa, in aon bhliain, a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar aon bhealach eile, de réir an Achta Fiadhúlra 1976 agus An Achta Fiadhúlra 2000 (arna leasú).
Tá an Chomhairle ag impí ar an phobal fosta gan bheith ag déanamh rud ar bith a d’fhéadfadh cur le líon na dtinte ag an am seo.